zeno
Create a Station
Explore
Religious
Music
News
Podcasts
Bible
By Genre
By Location
By Language
Download App
Toggle Sidebar
zeno
RTÉ Raidió na Gaeltachta
Barrscéalta
News
Irish
Clár iris an Tuaiscirt. Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar an chlár, comh maith le scéalta as na Sé Chontae, an Cabhán agus Muineachán.
Website
Episodes
100
09 July 2026
Marie Nic Eamharcaigh ó Choiste Forbartha Mhín na Leice.
Beidh Aonach Jack na bliana seo ar siúl i Mín na Leice an deireadh seachtaine seo.
6 min
09 July 2026
Brídín Ní Mhaoldomhnaigh, Feidhmeannach Forbartha le Danú Media.
Tá Danú Media ag lorg fir le Gaeilge mhaith agus atá idir 18 agus 35 bliain d’aois faoi láthair le páirt a ghlacadh i ngrúpaí plé do shraith úr teilifíse ar TG4 darbh ainm Fearúlacht.
6 min
09 July 2026
Emer Ní Ghallachóir, tráchtaire spóirt.
Beidh cluiche mór ag mná Faoi 20 Dhún na nGall ar an tSatharn nuair a bheas siad ag imirt i gCluiche Ceannais Faoi 20 Peile na hÉireann in éadan Gaillimh.
4 min
09 July 2026
Mary Aggie as an Pholl Dóite.
Mír seachtainiúil grinn le bean an Phoill Dhóite, Mary Aggie.
5 min
09 July 2026
Caoimhe Ní Chonchoille ó Sheomra na Nuachta.
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.
4 min
09 July 2026
Deirdre Ní Bhraonáin - Garraíodóir Chluain na dTor.
Mír rialta le Deirdre ag tabhairt eolas agus comhairle maidir le cúrsaí garraíodóireachta agus nádúr, ag freagairt ceisteanna ón phobal agus ag tabhairt comhairle fosta ar an dóigh le hamharc i ndiaidh plandaí agus glasraí sa teas mhór.
12 min
08 July 2026
Andy Caomhánach Fear na Ríomhairí.
Inniu tá sé ag ceistiú an bhfuil deireadh ag teacht leis na Meán Fisiciúil Mar is Eol Dúinn Iad agus tuairiscí ann go bhféadfadh an chéad PlayStation agus Xbox eile teacht gan tiomántán diosca ar bith agus bhí sé ag rá go léiríonn figiúirí nua ón CSO gur úsáid ionaid sonraí 23% de leictreachas méadaithe na hÉireann in 2025.
9 min
08 July 2026
Cartlann na Céadaoine.
Inniu téann muid siar go dtí an bhliain 1986 nuair a labhair Timlín Ó Cearnaigh le Danny McQuillan as Port an Dúnáin, dhá lá roimh mhórshiúlta an dara lá déag. Chuir Timlín ceist air ar tús c’fhad é ina chónaí i bPort an Dúnáin.
8 min
08 July 2026
Frances Nic Géadaigh ó sheomra na nuachta.
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.
5 min
08 July 2026
Brianna Ní Fhíoruisce dalta ó Phobalscoil Ghaoth Dobhair agus Aisling Mhic Cumhaill Oifigeach Oideachais & Oiliúna le hÚdaras na Gaeltachta.
Tá “Cuan”, teidí a rinne daltaí ó Phobalscoil Ghaoth Dobhair a fhorbairt agus a fuair an chéad áit sa Chraobh Náisiúnta de Chlár na gComhlachtaí Údarás na Gaeltachta anois ag déanamh ionadaíochta don tír seo ag an Chomórtas Domhanda i Riga i Latvia.
8 min